cover

Dúil

Dúil

Liam Ó Flaithearta

image

Cló Iar-Chonnacht

Indreabhán

Conamara

An chéad chló Sáirséal agus Dill 1953

An t-eagrán seo 2012

© Cló Iar-Chonnacht 2012

ISBN 978-1-905560-66-0

Dearadh clúdaigh: Abigail Bolt
Bundearadh clúdaigh: Anne Yeats
Dearadh: Deirdre Ní Thuathail

image

Tá Cló Iar-Chonnacht buíoch de Fhoras na Gaeilge
as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil.

image

Faigheann Cló Iar-Chonnacht cabhair airgid
ón gComhairle Ealaíon.

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon bhealach ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Clóchur: Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Teil: 091-593307    Facs: 091-593362    r-phost: cic@iol.ie
Priontáil: Castle Print, Gaillimh.

do
Phádraig Ó Concheanainn

Clár

Dúil

An Seabhac

An Charraig Dhubh

An Scáthán

An Beo

Bás na Bó

Mearbhall

An Buille

Daoine Bochta

An Chearc Uisce

An Chulaith Nua

An Luchóg

Teangmháil

An tAonach

An Fiach

Uisce Faoi Dhraíocht

Díoltas

Oifig an Phoist

Dúil

Bhí naíonán fireann ag imirt le gligín ar an mbrat urláir, in aice le cathaoir ina raibh a mháthair suite agus í ag léamh leabhair. Chuir sé scairt mheidhreach as féin, gach uile uair a chuala sé an torann binn a tháinig as an deis tar éis a craite. Ansin thit an gligín as a lámha. Tugadh scathamh beag ar siúl é, trasna an urláir, ag sciorradh agus ag iompú. Thit an naíonán ar a bholg nuair a shín sé é féin amach roimhe, le breith ar an rud beag gleoite.

Chuir teangmháil thobann a choirp le cruacht an urláir fonn air scread a ligean. Ní hé an phian a mhothaigh sé a bhí ciontach leis an bhfonn sin ar fad. Is é an fhothuiscint a bhí ann ó nádúir a d’ordaigh dhó glaoch go borb ar a mháthair nuair a bhí call aige le seirbhís. Cé gur oscail sé a bhéal, ina dhiaidh sin níor chuir sé uaidh an uaill. Ar an bpointe sin agus é sínte amach ar a bholg lena cheann in airde chonaic sé rud iontach a chuir a phluca ramhra ag croitheadh le gliondar.

Bhí ga gréine sínte trasna an urláir, timpeall le deich dtroithe uaidh. Tháinig sé trí fhuinneog ard, a bhí lánoscailte de réir nós na Fraince agus a haghaidh ar ghairdín. Bhí an ga álainn seasta ar an aer, suas anuas ó dhíon go hurlár, mar a bheadh cuirtín síoda, ina raibh na mílte agus na mílte seod ag lonradh.

Gan cor dá laghad as a chorp, bhreathnaigh sé ar an iontas seo ar feadh nóiméid agus sruth fairsing uisce ag sileadh anuas óna bhéal ar an naipcín a bhí ceangailte faoina mhuineál. Ansin tháinig glothar ina scornach le teann amplachta. Sháigh sé a lámh dheis amach roimhe le greim a fháil ar an áilleacht lonrach. Nuair a dhún na méaracha beaga go santach, níor casadh leo ach an t-aer folamh. Baineadh treascairt as agus thit sé i ndiaidh a thaoibh.

Anois níor chuir an teangmháil thobann leis an urlár crua fonn screadaí air in aon chor. Bhí an oiread sin samhnais ar a chroí, ó bheith ag breathnú ar an gcuirtín seodach lena shúile móra leata, nár thug sé aon aird ar an bpian. D’fhan sé mar sin ar aghaidh an iontais, nó gur neartaigh a dhúil chomh mór sin nach raibh adhradh a shúl in ann a shásamh. Thosaigh sé ag tnúthán, idir anam agus corp, le gabháil i dteannta leis an áilleacht. D’ardaigh sé suas é féin ar a lámha agus a ghlúine, le mórchaitheamh tola agus nirt. Sháigh sé amach a chlab íochtarach go cróga agus rinne sé ar an gcuirtín solais go díocasach.

Níor thug sé iarracht riamh roimhe sin ar lámhacán a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba rí-ghearr nó gur mhothaigh sé pian chumasach ina ghéaga. Thosaigh a chroí ag bualadh go tapaidh. Chuir an ghluaiseacht neamhchoitianta míobhán ina cheann. Ní raibh ach timpeall le dhá throigh siúlta aige nuair a chinn ar a lámha meáchan a choirp a iompar níos faide. Thit sé síos ar a bholg.

Cuireadh in iúl dó arís go bhfeilfeadh scread, le fios a chur ar chúnamh. D’oscail sé a bhéal, ach níor tháinig giog as a scornach. Bhí a dhúil níos láidre ná a dhoilíos. Shín sé amach a lámha, rug sé greim crua ar an mbrat urláir agus tharraing sé a chorp ar aghaidh troigh mhór eile; ag déanamh ar an gcuirtín míorúilteach. Lig sé scíth ansin ar feadh tamaill, nó gur thug an tnúthán faoi arís agus gurbh éigean dó é féin a chrochadh suas ón urlár le lámhacán eile a dhéanamh.

Chuaigh sé ar aghaidh ceithre troithe den iarraidh seo, in aon ruathar mór millteach amháin. Nuair a thit sé, is ar éigean a bhí sé in ann anál a tharraingt. Bhí a lámha agus a chosa ag preabadh le pian. Ba chuma leis, ina dhiaidh sin, faoin bpian agus faoin mbagairt bheag fhaiteach a bhí ag gabháil ar a intinn; ag rá leis éirí as an aistear contúirteach seo agus glaoch ar a mháthair. Ní raibh an t-iontas lonrach ach trí troithe uaidh anois, ag cur draíochta ar a shúile lena ghleoiteacht dhiaga. D’ardaigh sé suas é féin arís, le gach a raibh fágtha dá neart a chaitheamh ar iarracht dheireanach. Chuaigh sé ar aghaidh ansin, ag cur orlaigh i ndiaidh orlaigh thairis gan sos, nó gur shroich sé an áit ar cheap sé an cuirtín álainn a bheith crochta.

Mo léan géar! Nuair a bhuail sé isteach i measc an tsolais lonraigh ba léir dá shúile scanraithe nach raibh rud ar bith ina sheasamh ar an aer. Ní raibh aon tuairisc feasta ar an gcuirtín gléigeal a mheall é le áilleacht a chuid seod. Bhí an solas chomh láidir gurbh éigean dó bheith ag caochadh a shúl agus é ag dearcadh, faoi bhriseadh croí, anseo agus ansiúd, ar thóir an iontais a bhí caillte aige. Ansin chonaic sé an fhuinneog oscailte a thug aghaidh ar an ngairdín. Nuair a bhreathnaigh sé amach tríd, stad a chroí le scanradh, roimh mhéid uafásach an domhain taobh amuigh.

Amach uaidh agus amach, bhí éadan an domhain ag sroicheadh gan teorainn, amach thar an ngairdín bláthach, síos trí ghleann mór domhain a bhí brataithe le crainnte agus suas arís thar shléibhte arda ag a raibh na beanna gorma buailte le díon cumasach na spéire agus seod mór cruinn amháin ag lonradh ansin thuas, mar a bheadh súil Dé na Glóire.

D’fhan sé gan cor as ar feadh tamaillín agus é lán le eagla, ag breathnú ar an iontas nua seo a bhí thar chumas a thuisceana. Ansin do dhún sé a shúile lena gcosaint ar sholas na gréine. Le teacht an dorchadais thosaigh an bhagairt fhaiteach ag gabháil arís ar a intinn. Thug sé aird uirthi anois agus a dhúil imithe i léig. Mhothaigh sé na pianta a bhí ag crá a choirp. Thuig sé go raibh achar mór siúlta aige go dtí an áit seo ina raibh sé aonraic. Thosaigh sé ag croitheadh le uafás, d’oscail sé a bhéal agus leag sé air ag screadach. Chaith a mháthair uaithi an leabhar agus rith sí chuige go mear. Thóg sí suas idir lámha é agus í á phógadh go ceanúil. Choinnigh sé air ag béiciúch fad a bhí sí á thabhairt sall go dtí an chathaoir. Níor tháinig aon fhoighid ann nó gur shuigh sí síos agus é ar a hucht aici. Nuair a thosaigh sí ag crónán os íseal agus á bhogadh go réidh anonn agus anall, d’imigh an t-uafás de agus is gearr go raibh sé ina thost. Phioc sí suas an gligín ansin den urlár agus chroith sí é amach roimhe. Rinne sé meangadh beag gáire agus rug sé ar an deis torainn ina dhá láimh. Thosaigh sé á croitheadh.

Anseo le taobh na broinne ina bhfuair sé an beo ní raibh aon bheann aige ar phian ná ar chontúirt an tsaoil. Anois ba é glór binn a mháthar bhí á chur faoi dhraíocht; ach go raibh an mealladh seo ciúin agus cineálta. Scuabadh glan amach as a mheabhair cuimhne ar an dochar a d’fhulaing sé agus é ag déanamh mórthriail go doras an domhain. Tháinig samhnas air agus leisce. Shín sé amach a chosa go righin, lig sé osna fada agus theann sé isteach go dlúth le corp teolaí a mháthar. Thosaigh sé ag taibhreamh agus a shúile móra gorma lánoscailte.

Chonaic sé arís an cuirtín lonrach agus mhothaigh sé an t-áthas a chuir rince na seod ar a chroí. Chonaic sé méid cumasach an domhain ag sroicheadh amach ón bhfuinneog, thar an ngairdín bláthach agus thar ghleann mór na gcrann, go beanna gorma na gcnoc. Chonaic sé súil ghléigeal Dé ag scairteadh, thuas amach i bhfairsingeacht na spéire.

Nuair a dhún sé a shúile faoi dheireadh agus é ag titim ina chodladh, bhí sé ag croitheadh le dúil in aistear eile a thabhairt amach ón mbroinn, tríd an domhan a bhí taobh thiar den chuirtín lonrach, aistear i ndiaidh aistir, go deireadh a bheatha corpartha, ag comhlíonadh dualgas an chine dhaonna, le eagla agus doilíos agus áthas, trí ghairdíní bláthacha agus gleannta iargúlta, go dtí beanna na sliabh ag bun na spéire agus suas as sin, nó go seasfadh sé os comhair súile Dé.

An Seabhac

Chroch sé suas é féin os cionn bruach na haille faoi dhianruathar eitill agus rinne sé ar mhórairde na spéire, ag cur timpeall agus timpeall ar bhord fada, nó gur mhothaigh sé íochtair shreamacha na néal ag gabháil go fuar fliuch thar a dhroim. Isteach leis ansin caol díreach tríd an tír.

Cé nár thug sé anois ach corrbhuille fánach lena sciatháin agus é á scaoileadh féin go leisciúil le sruth an aeir, buailte suas le díon an domhain, bhí díocas agus saint mharfa an tseabhaic ina shúile buí; iad seo ag dearcadh síos go grinn ar urlár lonrach na talún a bhí sínte amach faoi bholg folamh na spéire; gan oiread na fríde in ann é féin a cheilt ar a radharc damanta.

Scairt an ghrian aon uair amháin ar a dhroim agus é ag gabháil trasna idir dhá néal, trí ghlaineacht aeir. Ansin arís, ní raibh ann ach taise dofheisce ag gluaiseacht gan torann tríd an gceo; éan álainn an bháis, gan trócaire ná faitíos ina chroí, ag soláthar creiche in aoibhneas an mhaidneachain.

Gheit sé go tobann agus d’éirigh a cholg nuair a chonaic sé fuiseog ag teacht chuige aníos as móinéar glas agus an drúcht ag lonradh ar dhroim an éin chanta faoin solas gléigeal. Scaoil sé chun siúil é féin ar an bpointe a leag sé súil ar an gcreach. Choinnigh sé air chomh tréan agus ab fhéidir leis, nó go raibh sé díreach os cionn na fuiseoige. Ansin do thosaigh sé ag cur timpeall go mall, gan cor as a sciatháin sínte agus a shúile ataithe le dúil. Bhí a chraiceann ag creathnú faoina chlúmhach tiubh; ar nós gadhair atá ag faire ar leaba dhearg.

D’ardaigh an fhuiseog go místuama ar dtús agus gan le cloisint uaithi ach corrghiog gan rithim idir léimeanna. Ansin do thosaigh sí ag canadh go hálainn le lán a scornaí agus d’ardaigh sí caol díreach gan stró, mar a bheadh bua a glóir á tarraingt suas ar neamh. Anois bhí sí ag eiteall ar nós an fhéileacáin, le mionchroitheadh sciathán. Bhí an spéir lán lena ceol.

D’fhan an seabhac nó go raibh an fhuiseog chomh fada suas agus ab fhéidir léi gabháil. Thog sé marc uirthi ansin agus scaoil sé a neart. Tháinig sé anuas ina mullach ó na néalta mar a bheadh lasair thintrí. Bhris an ceol ina scornach nuair a chonaic sí an seabhac ag déanamh uirthi. Lig sí scread agus léim sí i leataobh. Ní baileach go raibh sí sách sciobtha le iomlán an ruathair mharfa a sheachaint. Is beag nár baineadh an t-anam aisti le gach ar theangmhaigh léi den bhuille. Chrap sí a sciatháin agus scaoil sí síos í féin i ndiaidh a cinn, ag iarraidh talamh a bhaint amach sula mbuailfeadh a namhaid an dara buille. D’fhág sí slám clúmhaigh a stróiceadh as a heireaball ag snámhán ar an aer ina diaidh.

Nuair a chonaic an seabhac gur chinn air an marú a dhéanamh den chéad iarraidh sin, d’oscail sé a sciatháin agus leag sé iad in aghaidh na gaoithe lena ruathar a chosc. Ansin do chuir sé timpeall arís os cionn na creiche, thóg sé marc go deifreach agus scaoil sé a neart. An babhta seo ní raibh an fhuiseog in ann aon cheo a dhéanamh leis an mbuille a sheachaint. Criogadh í, ar nóiméad díreach a buailte. Síos léi bunoscionn, a cuid sciathán ag seachrán agus a ceann casta timpeall ar a scornach fhada, as ar tháinig ceol álainn tamaillín beag roimhe sin.

Lean an seabhac titim na fuiseoige, ag gabháil timpeall agus timpeall ar bhord gearr, luite isteach go dlúth leis an gcreach; nó gur bhuail siad talamh araon ar thrá bheag ghainmheach le taobh abhann. Ansin do chuir an t-éan troda cos go gaisciúil ar bhrollach na fuiseoige mairbhe. D’fhan sé seasta mar sin ar feadh tamaill, a shúile beagnach dúnta, a theanga gháirsiúil ag sliobarnaigh lena ghob agus a chroí ag bualadh go tréan faoi na barraí dubha ar a chliabh. Nuair a bhí a scíth ligthe aige, rug sé greim crúibe ar an gcorp agus chroch sé leis é suas san aer. As go brách leis ansin go dtí a nead, ina raibh a chéile suite ar gor.

Bhí an nead déanta in áit fhíor-ríoga, istigh ar thulán buí faoi bhruach bolgach aille móire, ag an bpointe ab airde de chuan fada cúng. Bhí sé chomh fada suas sin os cionn na farraige nach raibh i mórthorann feargach na dtonn ach sioscadh ciúin nuair a shroich sé an tulán. Ní raibh torann ar bith eile le cloisint sa gcró ard siúd a d’éirigh suas caol díreach ón uisce; leac aoil leagtha os cionn leice dá samhail ar feadh ceithre chéad troigh. Dhá mhí roimhe sin bhí plod mór éan ag maireachtaint sa gcuan; éanacha de gach saghas dá bhfeictear ag neadú i bhfarragáin aille. Ansin do tháinig an dá sheabhac óg as an aer thoir agus iad ag gabháil lena chéile faoi chuthach macnais.

Lán le scanradh, sheas na héin aille ó mhaidneachan go dtí ard na gréine agus iad ag faire ar choimhlint cholla na seabhac; iad seo ag déanamh ruathair i ndiaidh ruathair ghrá tríd an aer os cionn an chuain; ag scaoileadh a nirt ar a chéile anuas ó na néalta go dtí bruach uisce agus ag cur timpeall in éineacht arís suas; iad ag casadh agus ag iompú ar a chéile; brollach le brollach agus sciathán le sciathán; mar a bheidís á gceangal féin le cion. Ar uair an mheán lae, chonaic lucht na faire an bhaineannach ag tabhairt an fhireannaigh isteach i bprochlais agus chualadar a scréach nuair a chuaigh an bodach ina teannta. Bhí fios acu ansin go raibh an dá éan troda ag brath ar nead a dhéanamh sa gcuan agus nach raibh aon rogha, dá bharr sin, ach teitheadh; rud a rinne an slua ar fad gan mhoill. Faoi ard an tráthnóna agus an dá sheabhac ag siamsa go fánach agus ag déanamh aeir ar fuaid an chuain, ní raibh aon chréatúr eile fágtha ina ngaobhar. Bhí an áit álainn sin ar fad mar ríocht ag an gcúpla barbartha. Ag gabháil faoi don ghrian, thug an t-éan fireann leis a chéile suas go dtí an tulán buí; áit a raibh dhá fhiach ina gcónaí sular imíodar ar a dteitheadh ón anachain.

Anois, nuair a chaith an fireannach bródúil corp na fuiseoige síos ar an tulán le taobh na nide, níor tugadh aird dá laghad air. Bhí a chéile chomh suanach sin le gor go raibh mothú thar a cumas. Is beag nach raibh sí ina codladh ar an nead mhídhéanta; a gob leagtha ar chipín agus í ag breathnú síos ar an bhfarraige trína súile leathdhúnta. Thosaigh seisean á dúiseacht. Scaoil sé a sciatháin síos le cois agus chuaigh sé timpeall ar an nead go basach, ag glaoch uirthi go ceanúil, á maíomh agus ag brú in aghaidh a taoibh lena ghuaille. Thug sé corrphrioc lena ghob dá cír agus chimil sé a droim le clúmhach síodúil a scornaí. Chuaigh sé thart timpeall uirthi ceithre bhabhta sular dhúisigh sí i gceart. Ansin d’ardaigh sí a ceann go tobann, d’oscail sí a béal agus lig sí scread. Chuir seisean scread uaidh freisin agus chuaigh sé de léim i mullach na fuiseoige. Scuab sé an ceann di go tapaidh, tharraing sé an clúmhach lena chrúba agus thairg sé an fheoil úr fhuilteach dá chéile. D’oscail sí amach a béal agus shloig sí an phlaic d’aon iarraidh amháin. Nuair bhí sin déanta aici, leag sí a ceann arís ar an gcipín, scar sí amach a corp os cionn na n-ubh agus thug sí don ghor iomlán a coinsiais.

Sin é an uair a thosaigh an seabhac fireann ag déanamh gaisce go rícheart; an bodach leitheadach ag siúl go basach anonn agus anall ar an gcarraig fhuilteach; cnámha nochtaithe faoi chois agus screamhóga de chraiceann tirim greamaithe den chloch agus mealltracha beaga aisig curtha i dtaisce ar starráin le n-ithe arís; bréanbholadh uafásach ag líonadh an aeir thart timpeall ar uachais an mharfóra. Níor léir dó siúd ach áilleacht san áit dhamanta. Bhí a anam barbartha lán le áthas agus ríméad, faoi bheith ag comhlíonadh iomlán an dualgais ceaptha amach dhó ag a nádúir.

Ar nós gadhair atá sínte amach ina chodladh os comhair tine mhór agus é ag brionglóidigh ar fhiach an lae, chuaigh an t-éan troda trí lúcháir agus macnas a chéilíochta; ag cuimhniú ina shiúl ar a scaití colla agus ar na huibheacha a bhí á mbeochan sa nead. Anois agus arís sheas sé ar bhruach an tuláin, bhuail sé a sciatháin in aghaidh a bhrollaigh agus lig sé gáir ghaisce; ag breathnú síos amach uaidh ar an ríocht a bhain sé amach dhó féin agus dá chéile.

Briseadh a ríméad go tobann, nuair a chuala sé gleo beag thuas ar bharr aille, scathamh soir ón tulán. Sheas sé ar an bpointe a chuala sé an torann agus d’éist sé go grinn. Is gearr arís gur chuala sé an gleo beag céanna. Chreathnaigh sé taobh istigh dá chlúmhach, suas agus anuas le barr a chraicinn; go díreach mar a chreathnaigh sé nuair bhí sé seasta os cionn na fuiseoige lena neart a scaoileadh faoi ruathar an mharfa. Bhí a chroí ag bualadh chomh tapaidh anois leis an am eile sin, ach ní dúil sa marú a bhí á shaighdeadh. Bhí fios aige gur ghleo cainte daonna a bhí ansin thuas agus bhí sé lán le faitíos.

Scaoil sé síos é féin go mear ón tulán agus rinne sé mioneiteall cúramach siar go dlúth le éadan íochtarach na haille. Chuaigh sé achar mór siar sular chas sé amach os cionn na farraige. Ansin do thosaigh sé ag cur timpeall agus ag ardú ar bhord fada, nó go raibh sé as amharc thuas i measc na néal. Soir leis arís agus é i bhfolach, thuas faoi dhíon na spéire, nó go raibh sé díreach os cionn na háite ina raibh an gleo. Sheas sé ansin agus bhreathnaigh sé síos go faiteach ar thriúr fear, a bhí ag obair go deifreach ar bhruach na haille. Bhí bun téada ceangailte acu de mhoghlaeir mór cloch eibhir agus eiris déanta den cheann faoi ascaill an fhir ba airde. Bhí mála beag donn ceangailte dá chrios ag an bhfear céanna.

Nuair a chonaic an seabhac go raibh an fear ard á ligean síos le taobh na haille ag an mbeirt eile, go dtí tulán beag caol a bhí cothrom le tulán na nide agus scathamh fánach soir uaidh, bhí sé cinnte go raibh lucht na téada ag iarraidh é a scrios. Bhí drogall air, ina dhiaidh sin, a neart a scaoileadh in aghaidh an t-aon namhaid amháin a bhí in ann faitíos a chur air. Is é an chaoi ar ardaigh sé scathamh beag eile suas agus é ag croitheadh. Thosaigh sé ag gabháil timpeall ansin agus ag breathnú síos go cráite ar na daoine, gan fonn dá laghad ar a intinn a neart a scaoileadh fúthu.

Tar éis an tulán thoir a shroichint do shiúil an fear ard go dtí an gob ba faide siar agus rinne sé comhartha lena chairde. Tharraing siadsan an fuílleach téada. Shocraigh sé é féin ansin go cúramach, bhuail sé cos ar bhruach an tuláin agus siar leis; uachtar a choirp ligthe amach in aghaidh na téada agus é ag cosaireacht le héadan maol na haille. Shroich sé an corr thoir de thulán na nide; áit ina raibh an chráin seabhaic agus an nead ceilte ar a radharc ag bolgán cloiche. Bhagair sé arís ar a chairde agus scaoileadar chuige fuílleach téada. Siar leis ansin, ag cur orlaigh bealaigh i ndiaidh orlaigh agus é buailte isteach le éadan cloiche mar a bheadh bairneach.

D’imigh an faitíos den seabhac nuair a chonaic sé an fear i ngar don nead. Síos leis ar nós an philéir lena chéile a sheachaint ar a contúirt. D’oscail sé a sciatháin nuair a bhí sé ag bruachaireacht leis an tulán agus leag sé trasna é féin, i bhfoisceacht dhá throigh den chráin ghoir. Bhéic sé uirthi, chomh ard agus a bhí ina cheann, ach níor thug sí aird dá laghad air. Chuaigh sé soir agus siar thairsti, arís agus arís eile, ag glaoch agus ag screadaíl go cráite, sular chuala sí a ghlór. D’ardaigh sí a ceann agus lig sí scread. Thug sin misneach damanta don éan troda. Amach leis chun na farraige agus thosaigh sé ag ardú.

Suas leis arís, nó gur mhothaigh sé íochtair shreamacha na néal ag gabháil go fuar fliuch thar a dhroim, i dtost na firmiminte. Ansin do leag sé a shúile buí ar a namhaid agus iad ag fiuchadh le gráin shíoraí. Thóg sé marc go haireach agus líon sé amach a chorp le haghaidh an ruathair. Ar an nóiméad sin na fírinne agus é seasta i gcóir chatha, ní uaibhreas nirt ná col an mharfa a bhí á shaighdeadh chun na troda. Níor mhothaigh sé á mhaíomh ach an gean cráite a bhuail a chroí nuair a chuala sé scread a chéile.

Dhún sé a sciatháin go dlúth agus scaoil sé a neart. Síos leis, síos amach, in aghaidh an fhir aird, gan faitíos ná trócaire; éan álainn ag soláthar báis ar mheán lae. D’fhógair an bheirt charad ar an bhfear nuair a chonaic siad ruathar an éin. Bhreathnaigh fear na téada suas agus shocraigh sé é féin in aghaidh na haille. Ar an bpointe sin ba iad súile an fhir a bhí faiteach. Ansin do chaith sé suas uillinn os comhair a éadain agus an seabhac ag bualadh. Briseadh ruathar an éin ar an éadach. Caitheadh thairis an corp agus buaileadh é go trom in aghaidh na haille. Síos leis ansin, bunoscionn, gan treo gan deifir; éan álainn an bháis gan luaineas ná neart.

Nuair a shroich an fear áit na nide, d’éirigh an chráin suas agus í ag screadaíl. D’ionsaigh sí é go cróga. Rug sé uirthi, chuir sé snaidhm ar a cuid sciathán agus chaith sé isteach í sa mála a bhí lena chrios. Ansin do thug sé leis na huibheacha.

Thíos amuigh, bhí corp an tseabhaic ag imeacht ar bharr uisce; a sciatháin briste agus a cheann ag seachrán lena scornach chasta. Bhí sé á chrochadh amach chun farraige leis an sruth.

An Charraig Dhubh

Bhí an taoille chomh íseal sin go raibh iomlán na carraige móire duibhe nochtaithe, síos go dtí an fheamainn dhearg lonrach a bhí crochta, mar a bheadh cuirtín, amach ar aghaidh an íochtair thollta. Síos uaidh sin fós, i ndoimhneacht dhorcha na mara, tháinig bodhar-thorann cráite ón uisce a bhí ag únfairt go leisciúil mall, sa bprochlais starránach a bhí gearrtha amach as an tseanchloch ag neart feargach na dtonn; ag bualadh agus ag bualadh gan sos, leis na mílte agus na mílte bliain.

Suas ó bhruach an uisce go dtí mullach maol na carraige bhí mórghleo ag an iomad ainmhí; iad ag ithe go santach agus ag déanamh aeir faoi sholas gléigeal na gréine. Bhí éadan na feamainne go léir luchtaithe le créatúir bheaga. Bhí míola mara ag lámhacán anonn agus anall ar na dois agus ag smalcadh an tsú ramhair a bhí ag sileadh leis an bhfeoil bhog. Bhí bairnigh bheaga greamaithe de na slata agus iad ag luascadh, mar a bheadh rinceoirí, gach uair a chrochadar a gcuid sliogán droma, le fliuchán an bhídh shúite a shacadh uathu. Níos faide suas, i measc na bhfréamh, bhí mealltracha móra diúilicíní ag oscailt agus ag dúnadh dhá leath a gcorp, mar a bheadh boscaí ceoil á n-oibriú.

Bhí bun scailpe, de leithead agus doimhneacht mhór, go díreach os cionn fréamh na feamainne. Bhí an charraig ag at amach ar gach aon taobh den bhun seo, mar a bheadh dhá leath tóna. Bhí na másaí móra clúdaithe le caonach buí slíocaithe, a bhí chomh mín le síoda. Shílfeá gur daite a bhí an chloch. Bhí na mílte frídí ag déanamh siamsa go haerach ar na másaí; iad ag léimneach go mear ó áit go háit agus á dtarraingt féin le fonn tochais tríd an gcaonach teolaí.

Chuaigh an scailp chun caoladais ag gabháil trasna thar an lag a bhí idir na másaí agus mullach na carraige. Bhí a híochtar brataithe le polláin agus iad lán le uisce sáile. Bhí cuid de na polláin chomh tanaí sin go raibh formhór an uisce triomaithe le teas na gréine agus salann geal ag lonradh timpeall ar a mbruacha. Ní baileach go raibh a ndóthain le snámh a dhéanamh ag na dois fheamainne a bhí ag fás iontu. Bhí faochain bheaga ghleoite ag soláthar bídh i measc na ndos, dath bándearg ar a gcuid sliogán agus a gcuid adharca ag treabhadh an aeir amach rompu go luaineach mar a bheadh méaracha ceoltóra. Bhí cuid eile de na polláin an oiread seo troigh ar doimhneacht agus a dtaobha cruinne lán ó bhun go barr le huarsain, a bhí sacaithe isteach go dlúth ina gcuid cupán cloiche sciúrtha, faoi chosaint a gcuid sleá. Thíos i measc na gcarnán cloch ag tóin na bpoll bhí éiscíní beaga faiteacha ag rith anonn agus anall go deifreach; cruacháin agus eascainn agus mangaigh a bhí rólag fós le farraige a thabhairt dóibh féin. As doimhneacht na scailpe, áit a raibh smugairlí róin á luascadh le súiteán an bhéil toinne, shiúil portáin mhóra mhillteacha suas go dtí an leac réidh a bhí faoi mhullach na carraige. Bhuail teaspach iad ar an gcloch thirim ghrianmhar. Thosaigh cuid acu ag suirí agus cuid eile ag troid; lucht na troda ag déanamh ar a chéile go leataobhach agus a gcuid súl ataithe le buile. Nuair a chuaigh na trodairí i dteannta, baineadh torann as an tromchulaith chatha a bhí ar a ndroim. Thosaíodar ag iomrascáil le chéile ansin; na crúba beaga ag iarraidh an namhaid a threascairt agus na crúba móra crochta suas, mar a bheadh siosúir oscailte, ag faire le buille marfach a tharraingt ar áit neamhchosanta.

D’éirigh an mullach suas deich dtroithe os cionn na leice seo. Bhí cumraíocht péiste móire, a fuair bás sa gcianaimsir, gearrtha amach ar thaobh cruinn na cloiche, chomh fíor agus dá mba lámh snoíodóra a rinne an múnlú. Bhí rian dearg an iarainn le feiscint freisin san ábhar. Thuas ar cheartlár an mhullaigh bhí faoileán bán ina sheasamh ar leathchois, a cheann faoi sciathán agus é ina chodladh. Bhí conablach ronnaigh, gan scioltar ar na cnámha, i ngar dhó ar an gcloch. Ní raibh cor as an éan, seasta go ríoga ansin thuas, mar a bheadh seod geal álainn ar choróin mhullaigh na carraige.

D’iompaigh an taoille. D’éirigh an fharraige go tobann. Isteach léi sa bprochlais agus lasc sí a taobha. Rinne torann a buailte macalla glotharnach. Caitheadh múr geal de uisce cáite suas go hard san aer, agus é ag sioscadh ar nós bagairt géabha. Crochadh amach an fheamainn ar bharr toinne. Bhí na dois fhada ag lúbadh agus ag síneadh go dian le luascadh an tsrutha. Nuair a dhruid an tuile síos arís, tar éis an chéad iarraidh sin, tháinig torann beag toirní as bun thiar na spéire. Is ar éigean ab fhéidir é a chloisint agus bhí aiteall ina dhiaidh. Ansin arís, do phléasc an toirneach agus í go leor níos láidre. Bhí an torann seo trom agus bodhar, mar a bheadh urlár na mara á réabadh thíos ar an doimhneacht.

Is gearr gur dhubhaigh an spéir. Chuaigh an t-aer chun fuaradais. Thosaigh cuaifeacha gaoithe ag rith go mear os cionn droim na farraige; iad ag casadh anonn agus anall mar a bheadh an tslí amú orthu. Bhris cúr ar chír gach lonna. Anois bhí an toirneach ag pléascadh gan sos, thuas in airde mhór na spéire. D’at an fharraige go huafásach mear, nó go raibh brachlainní ag gabháil ar an tír agus torann a mbriste ag coimhlint leis an toirneach. Neartaigh an ghaoth agus thosaigh sí ag screadaíl.

Dhúisigh an faoileán agus bhreathnaigh sé ina thimpeall go faiteach. Ghlaoigh sé os íseal. Ansin do scar sé a chuid sciathán go tapaidh agus d’éirigh sé ón gcarraig. Chuir sé timpeall trí bhabhta agus é ag bordáil suas tríd an spéir faoi lán eitill. Nuair a bhí sé sách ard, thug sé aghaidh ar thír agus scaoil sé a sciatháin leis an ngaoth, a bhí ag teacht go tréan ina dhiaidh aniar. Rugadh isteach ón bhfarraige é mar a bheadh cleite; gan cor as na sciatháin sínte agus a chuid cos ag sliobarnaigh.